News

Cuairt Spin South West

Tá muid i lár Coicís na Gaeilge agus tá go leor imeachtaí ar siúl againn sa scoil.

Bhí Spin South West agus na Spinnies ar scoil ar maidin le rang 6 Deirdre. Tháinig Laois de Cantalún ar scoil chun cursaí Gaeilge a phlé leo. Beidh níos mó le cloisteáil uathu ag an deireadh seachtaine le Laois ar Pop Raidió.

Bhí Óga Yoga linn Dé Luain. Rinne gach rang machnamh le Ciarán trí mheán na Gaeilge agus bhaineamar go léir taitneamh as na deasaithe go léir co súil leis “an madra” agus “an tábla”.

Bhí Cúla 4 linn inniu freisin. Rinneadh agallamh ar Rang 6 Deirdre agus Rang 4 Tadhg. Bí ag faire amach le haighaidh na páistí ag labhairt faoi Naomh Pádraig i measc crusaí reatha eile ar an teilifís agus idirlíon.

An rud is tabhachtaí a tharla ar scoil inniu ná an cluiche peile bliantúil idir na daltaí agus na muinteoirí.

Is oth liom a rá gur bhuaigh foireann na múinteoirí 6-4 in aghaidh na buachaillí ó rang 6 agus le sin chaill siad amach ar an bpass obair bhaile.

Ach bhuaigh fhoireann na cailíní rang 6 i gcoinne foireann mná na múinteoirí  ar bhás tobann tar éis an cluiche a críochnú 2-2. Comhghairdeas cailíní uile na  scoile agus obair bhaile saor tuillte agaibh de bharr.

Bainigí taitneamh as na pancóga