Admissions 2021/22

Próiseas iontrala/Admissions Process

Glacfar le h-iarratais don scoilbhliain 2021/22 idir 05/10/20 agus 15/01/21
Applications for the year 2021/22 are being accepted between 05/10/20 and 15/01/21

Foirm Iarratais

Polasaí Iontrála

Admissions Notice

Critéir 2 – Measúnú Líofachta

Ta sé ar intinn againn seisiún spraoi a eagrú i seomra ranga/taobh amuigh/sa halla agus beidh tuismitheoirí agus páistí eile i láthair freisin.  Beidh réimse leathan bréagán agus leabhar leagtha amach agus beidh múinteoirí ann ag éisteacht agus ag caint le do pháiste.  Beidh fáilte romhat fanacht in aice le do pháiste an t-am ar fad ag spraoi agus ag caint leis/léi. Beidh deis agat, chomh maith, do pháiste a thabhairt chuig bord/áit ar leith chun labhairt  le múinteoir eile más mian leat.

Tá sé mar rún againn go mbeidh an seisiún spraoi ar siúl san iarnóin ar an 22ú i Eanáir Seomra Ranga 6 sa scoil.*

Má tá aon rud eile a chabhróidh le do pháiste a líofacht sa Ghaeilge a léiriú nó má tá aon riachtanas speisialta ag do pháiste, déan teagmháil linn roimh ré, le do thoil agus déanfar gach iarracht freastal air sin. Mura bhfuil sé i gceist agat freastal ar an seisiún, bheinn buíoch díot dá gcuirfeá sin in iúl dúinn roimh ré.

*Ag brath ar an comhairle ón FSS ag an am, ta an féidearacht ann go mbeadh seo ar siúl taobh amuigh. Muna bhfuil se féideartha go mbeidh daoine ag teacht le chéile, iarraimid oraibh taifead suas go 3 nóiméad den phaiste ag déanamh cumarsáid trí Ghaeilge agus é a sheoladh chuig oifig@gaelcat.com ar/roimh 22 Eanair 2021.

Beidh aon páiste atá Critéir 2 roghnaithe acu curtha ar an eolas maidir leagan an fianaise a bheidh ag teastáil ie Seisiún Spraoi nó Taifead trí ríomhphost ar an Luan 11ú Eanair 2021.

Leis seo tá bileog leis na catagóirí measúnaithe  a bheidh in úsáid ag múinteoirí, thar ceann an Bhoird Bhainistíochta nuair a bhuaileann siad leatsa agus le do pháiste