Gaelscoil Chaladh an Treoigh


Go to content

Bulaíocht

Ginearálta > Polasaithe

Bulaíocht

Sainmhíniú ar Bhulaíocht

Is éard is Bulaíocht ann ná ionsaí leointe i gcaint nó go síceolaíocht; nó in iompar fisiciúil a bheith ar bun ag duine aonair nó ag grúpa daoine i gcoinne dhaoine eile (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1993).

Aidhmeanna

  • Bulaíocht a sheachaint tríd scileanna saoil ar nós féin-mhuinín agus teannmhar na ngasúir a fhorbairt.
  • Na gasúir uile a chur ar an eolas faoine gcearta mar dhaoine aonair. Eolas a roinnt leo maidir le seifteanna atá i bhfeidhm sa scoil leis na cearta seo a chosaint.
  • Seifteanna a chur i bhfeidhm le bulaíocht a sheachaint agus aghaidh a thabhairt ar eachtraí de réir mar is gá.


Bulaíocht a sheachaint
Ról an mhúinteora.

Tabharfar tacaíocht dóibh a raibh bulaíocht déanta orthu. Ní ghlacfar le hiompar bulaíochta de aon shaghas.

Seifteanna Scoile

  • Atmasfeár dearfach agus oscailte a chothú.
  • Sainmhíniú ar bhulaíocht a mhíniú do dhaltaí. Spreagtar daltaí le heachtraí a tharlaíonn a roinnt leis an múinteoir ar an bpointe boise.
  • Féin-mheas a fhorbairt ag 'Am Ciorcail' agus ceachtanna O.S.P.S. (Oideachas Sóisialta, Pearsant, Sláinte).
  • Cláracha scoile eile ar nós. Bí Sábháilte, Misneach, agus Beo go Deo in úsáid sa scoil.


Bainistiú Eachtraí
Déileáltar le bulaíocht faoin gCód Smachta. Claíonn an scoil le Treoirlínte na Roinne Oideachas agus Eolaíochta dar teideal 'Children First'.


Baile | Ginearálta | Nuacht | Tuismitheoirí | Saol Scoile | Gaelscoil mar Scoil | Teagmháil | Site Map


Back to content | Back to main menu