Main menu:
Gaelscoil mar Scoil
Clárúchán
Is scoil phoiblí oscailte i Gaelscoil Chaladh an Treoigh le meascán láidir cúlraí eacnamaíochtaí - shóisialta ann. Glacaimid le hiarratais ó gach ceantar.
Ag cur iarratas isteach
Seo a leanas treoirlíne maidir le hiarratais:
Más mian leat iarratas a sheoladh isteach ní mór an fhoirm iarratas thíos a líonadh agus é a sheoladh isteach le cóip den teastas breithe nó teastas baiste.
Ní ghlacfar le hiarratais tar éis 30ú Samhain don bhliain roimh na bliaina iontrála. msh. 30/11/2012 már rud é go bhfuil tú ag cur isteach ar ionad i 2013.
Ní mór clúdach litreach le stampa a sheoladh isteach más rud é go bhfuil litir uait ag deimnhiú go bhfuil do fhoirm
iarratais faighte.
Féadfar canbhasáil a dícháiliú.
Dáileadh ionaid scoile
Seoltar litreacha ofrála roimh 31 Márta na bliana iontrála.
Má tharlaíonn go bhfuil an méid sin páistí atá ag iarraidh a chlárú in aon rang agus iad ag dul thar an méid áiteanna ar fáil roimh nó le linn na bliana scoile, cuirfear i bhfeidhm na critéir seo leanas de réir tosaíochta chun áiteanna a bhronnadh ar pháistí, más iad:
Páistí na foirne faoi láthair;
Deartháireacha agus deirfiúracha iar-dhaltaí agus daltaí faoi láthair;
Páistí ag aistriú ó Ghaelscoileanna eile;
Páistí ó chlann Ghaeilgeoirí (agus gur í an Ghaeilge an chéad teanga dóibh. (Beidh agallamh ann do thuismitheoirí/ páistí leis an bPríomhoide / bPríomhoide Tanáisteach le líofacht a mheas.);
Páistí a mhúineadh trí mheán na Gaeilge ar feadh bliain amháin ar a laghad i Naíonra Lán—Ghaelach (atá cláraithe le Naíonra Teo. Tá litir ón Naíonra ag déimhniú go bhfuil bliain ar a laghad);
Na daoine a chláraigh is túisce.
Cuireann an scoil iarrthóirí ar an eolas maidir le conas a éiríonn lena n-iarratas, i scríbhinn.
Clicéal an nasc thíos leis an bhfoirm iarratais do Ghaelscoil Chaladh an Treoigh a phrointeáil