Gaelscoil Chaladh an Treoigh


Go to content

Cód Smachta

Ginearálta > Polasaithe

Cód Smachta

Tús

I nGaelscoil Chaladh an Treoigh ba mhaith linn go mbeadh meas á thaispeáint i dtimpeallacht na scoile agus muid ar fad ag obair agus ag foghlaim le chéile. Mar chuid de seo tá cur chuige deimhneach sa chód smachta scoile. Cuireadh an cód le chéile ag claoi le Roinn 23 den Acht Oideachais 2000 agus forbraíodh an cód ag leanacht treoirlinte a bhí sa leabhar “Ag Forbairt Cód Smachta: Treoirlínte do Scoileanna” ón mBord um Leasa Oideachais 2008.

Cur Chuige Uile Scoile:

An Bord Bainistíochta

Tá freagracht ag an mBord Bainistíochta a chinntiú go bhfuil an cód smachta curtha le chéile agus curtha i bhfeidhm. Tá freagracht ar leith ar an mBord Bainistíochta ethos na
scoile a chur chun cinn, i dteannta a bheith freagrach as polasaithe scoile. Tacaíonn an Bord go hiomlan leis an bhfoireann scoile agus iad ag cur an chód smachta i bhfeidhm agus tugtar deiseanna tabhairt faoi fhorbairt ghairmiúil nuair a bheadh a leithid oiriúnach.

Eitheas leanúnach, polasaithe agus nósanna imeachta
Déantar athbhreithniú ar pholasaithe agus nósanna imeachta na scoile, polasaithe curaclam agus eagrúcháin. Breathnaitear ar an gcaoi a gcabhraíonn siad le timpeallacht scoile dearfach a chruthú a chothaíonn dea-bheasa. Déantar é seo go neamh-fhoirmiúil, ag cruinnithe foirne, laethanta pleanála, cruinnithe meán-bhainistíochta agus ag cruinnithe seachtainúla bainistíocht shinsearach. Déantar é freisin ag cruinnithe a bhíonn ag grúpaí oibre atá ag obair ar pholasaithe.

An Curraclam agus Bainistiú Ranga
Is eol do mhúinteoirí go gcabhraíonn teagasc éifeachtach an churaclaim atá uileghabhálach agus gníomhach. Dá bhrí sin tá tábhacht ar leith ag baint leis na polasaithe curaclaim a leagann amach an clár agus na modheolaíochtaí. Spreagtar deá phleanáil agus déantar idirdhealú chun cabhrú le páistí a bhfuil riachtanais speisialta acu. Is tosca tábhachtach é bainistiú ranga éifeachtach I gcothú aitmeasféar dearfach agus i seachaint fadhbanna.

Tionóil

Mar fhoireann tá sé mar aidhm againn timpeallacht taitneamhach sábhailte a chur ar fáil do gach dalta, áit a bhfuil ord agus eagar, múinteoireacht éifeachtach agus cur chuige aontaithe ar smacht.

Bíonn Tionóil Scoile ar siúl thart ar uair sa choicís do ranganna Naíonáín go Rang a 2 agus Rang a 3 go Rang a 6. Tá an tionóil leagtha amach ionas go mothóidh gach duine páirteach agus ina mball de phobal na scoile. Bronntar teastais ar pháistí as gach rang mar aitheantas ar dhea bhéas, iarracht, éachtaí agus mórghníomhartha.

Bronntar Glór na seachtaine ar dhaltaí atá ag déanamh iarracht speisialta ag labhairt na Gaeilge. Bíonn deiseanna ag daltaí obair ealaíne agus tionscnaimh atá ar siúl sa rang a thaispeáint ag am tionóil.

Beidh teagmhail i scríbhín ó thuismitheoir ag teastáil sna cásanna seo

Aon aslaithreacht ón scoil. Ba chóir dáta a bheith air, é a bheith sínithe agus cúis an aslaithreachta a bheith luaite.

Tuismitheoirí ag iarraidh go bhfágfaidh a bpáíste an scoil luath.

Páiste ag teacht ar scoil gan an obair bhaile déanta.

Mura bhfuil an páiste ag cáitheamh an éide scoile.

Má tá ó thuismitheoir go bhfanfaidh an páiste istigh ag am sosa.

Ag eagrú cruinniú le múinteoir.

Corás Gearáin
Ba chóir do thuismitheoir/caomhnóir a bhfuil uathu gearán a dhéanamh nóta a scríobh ag lorg cruinnithe leis an múinteoir ranga le rún an t-údar gearráin a réiteach.

Nuair nach bhfuil an tuismitheoir/caomhnóir in ann an fhadhb a réiteach leis an múinteoir ranga is féidir coinne a dhéanamh leis an bpríomhoide ag súil an fhadhb a réiteach

Muna bhfuil an gearán leigheasta faoin am sin ba chóir don tuismitheoir/caomhnóir cgearán scriofa a dhéanamh le Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta

Rialacha Scoile

Déanfaidh mé mo dhícheall Gaeilge a labhairt i gcónaí i rith an lae scoile.Rang 1-Rang VI

Beidh mé séimh – Ní ghortóidh mé aon duine.

Beidh mé lách agus cabhrach. Ní ghortóidh mé mothúcháin daoine eile.

Beidh mé
macánta agus cabhrach- Ní dhéanfaidh mé ceilt ar an bhfírinne.

Éisteoidh mé – Ní bheidh mé ag cur isteach ar chaint daoine eile.

Tabhairfidh mé aire d’acmhainní scoile – Ní chuirfidh mé rudaí amú agus ní scriosfaidh mé rudaí.

Oibreoidh mé go crua- Ní chuirfidh mé am amú.

Rialacha an tSeomra Ranga

Suífidh mé ar mo chathaoir nuair a iarrfar orm é agus déanfaidh mé mo chuid oibre go maith.

Éisteoidh mé. Tabharfaidh mé cead cainte do dhaoine eile.

Siúlfaidh mé sa seomra ranga i gcónaí.

Cabhróidh mé an seomra ranga a choimeád néata.

Úsáidfidh mé an leithreas i gceart agus nífidh mé mo chuid lámha.

Beidh mé lách agus cabhrach agus ní ghortóidh mé mothúcháin daoine.

Leanfaidh mé treoracha an mhúinteora.

Taispeánfaidh mé meas orm féin, ar an múinteoir, ar bhaill foirne eile, ar na daltaí eile agus ar chuairteoirí a thagann chuig an rang.


Rialacha an chlóis

Fanfaidh mé san áit cheart.

Siúlfaidh mé go ciúin sa líne ag dul isteach sa seomra agus amach sa chlós.

Siúlfaidh mé sa chlós ar maidin sula mbuailfear an cloigín.

Ligfidh mé do dhaoine eile páirt a ghlacadh gcluichí.

Beidh mé séimh. Ní bheidh mé ag ciceáil, ag brú, ag tarraing dornaí ná ag imirt cluichí garbha.

Ní úsáidfidh mé droch theanga ná ní bheidh mé ag glaoch ainmneacha.

Beidh mé cóir.

Siúlfaidh mé go dtí an líne nuair a chloisfaidh mé an cloigín.

Ocáidí/ Gníomhaíochtaí Scoile

Leanfaidh mé treoracha na baill foirne

Fanfaidh mé leis an múinteoir/ féitheoir agus grúpa an tam ar fad.

Beidh mé go deas béasach le gach duine

Leanfaidh mé na rialacha ginearálta atá sa scoil







Baile | Ginearálta | Nuacht | Tuismitheoirí | Saol Scoile | Gaelscoil mar Scoil | Teagmháil | Site Map


Back to content | Back to main menu