Main menu:
Tuismitheoirí
Coiste na dTuismitheoirí
Fáilte chuig an leathanach seo. Tá Coiste gníomhach againn. 'Sé Dave Ward Cathaoirleach an Choiste. An aidhm atá leis an leathanach seo ná gníomhaíochtaí reatha an Choiste a roinnt. Tá fáilte roimh thuismitheoirí a bheith ina mbaill den Choiste agus freastal ar na cruinnithe rialta i rith na bliana.
Ár Sprioc: Cuidiú leis an mbainistíocht scoile agus leis an bhfoireann teagaisc ó thaobh cúram agus oideachas ár bpáistí de.
Cabhraíonn tuismitheoirí leis an nGaelscoil i mbealaí éagsúla - msh. ag riaradh / tacú le gníomhaíochtaí bailúchán airgid. Chabraíomar leis an scoil áiseanna teagaisc riachtanach agus áiseanna spóirt a cheannach. Tá a leithéid de thacaíocht fíor-thabhachtach agus gabhaimid buíochas le cách a thacaigh leis seo. Dár ndóigh is féidir tacú i mbealaí eile chomh maith - más é ag cabhrú le heagrú ceolchoirm na Nollag nó bheith i do bhall den Choiste.
Cuirimid fáilte Uí Cheallaigh roimh bhaill nua i gcónaí. Ná bíodh cúthail ort.
Seo a leanas ár bplean gnímh:-
Rannpháirtíocht Tuismitheoirí - Deiseanna a chruthú do thuismitheoirí agus do bhaill foirne a bheith ag obair as lámh a chéile agus caidreamh dearfach a fhorbairt.
Déantar dícheall go mbeadh tuairimí tuismitheoirí léirithe i bpolasaithe agus coraís scoile.
Obair ar son tuismitheoirí scoile le reímsí atá le forbairt a aithint maraon le hobair na Gaelscoile a chur chun cinn.
Cumarsáid - Deimhniú go bhfuil tuismitheoirí curtha ar an eolas faoi sonraí tábhachtacha. Deis a sholáthár do thuismitheoirí a gcuid tuairimí a roinnt i slite éagsúla, slite is oiriúnaí a oireann dóibh.
Modhanna Cumarsáide:
Cruinniú an Choiste - Cruinniú oscailte uair sa téarma;
Nuachtlitir an Choiste - uair sa téarma;
Sonraí teagmhála - baill an Choiste (thíos).
Bailiú Airgid - Is gné tábhachtach dúinn é a bailiú airgid le cuidiú leis an nGaelscoil an saol scoile is fearr do na gasúir a sholáthar. Bíonn Coiste na dTuismitheoirí freagrach as gníomhaíochtaí agus ócáidí sóisialta éagsúla i rith na bliana a reachtáil.
Rphost: pcouncil2@gmail.com, Guthán: 087 9826803
Baill an Choiste |
|
Dave Ward |
Cathaoirleach |
Denis O Doherty |
Leas-Chathaoirleach |
Eleanor Moloney |
Cisteoir |
Valerie O Donovan |
Rúnaí |
Ionadaithe Ranga |
|
Dorothy Manoras |
Naíonáin Shóisearacha |
Fiona O Neill |
Naíonáin Shóisearacha |
Dave Ward |
Naíonáin Shinsearacha |
Paraic McCarthy |
Naíonáin Shinsearacha |
Lisa Ryan |
Rang I |
Valerie O Donavan |
Rang I |
Teresa O Riordan |
Rang I |
Sheila Simms |
Rang II |
Sharon Le Gear |
Rang II |
Geraldine Burke |
Rang III |
David Ryan |
Rang III |
Sarah Hehir |
Rang IV |
Elaine Byrne |
Rang IV |
Joan Marsh |
Rang V |
Julie Doyle |
Rang V |
Lorraine Haugh |
Rang VI |
Liz Mason |
Rang VI |