Main menu:
Ginearálta > Polasaithe
ÉIDE SCOILE
Réasúnaíocht
Tá sé tabhachtach go bhfoghlaimíonn daltaí na scoile conas iad fhéin a chur i láthair go hoiriúnach. Forbraíonn an éide scoile féin-mheas agus féin-mhuinín i measc na ndaltaí agus cuireann sé leis an tuiscint agus an tábhacht a bhaineann le híomhá slachtmhar. Bímid ag súil le dea-chuma pearsanta i gcónaí mar taispeánann sé an ard-chaighdéan atá ag an scoil.
Cur Cuige Scoil iomlán
Tacaíonn an Bord Bainistíocha, Coiste na dTuismitheoirí, an Phríomoide agus foireann na scoile an ard-chaighdeán i dtaobh an éide scoile agus dea-chuma i measc na ndaltaí sa Ghaelscoil.
Rólanna agus Freagrachtaí
Ar ndóigh, caithfidh tuismitheoirí cinntiú go bhfuil na daltaí ag claí leis na hard-chaighdeáin atá leagtha síos ag an scoil i dtaobh cuma ginearálta, éadaí, gruaig agus seodra. Caitheann na daltaí an éide scoile gach lá agus ar ócáidí/gníomhaíochtaí scoile, ach amháin má fhaightear fógra ón scoil. Tuigtear, ó am go ham, nach mbíonn an páiste in ann teacht ar scoil leis an éide scoile air/uirthi toisc dálaí ag athrú. Sa chás seo, ní mór don dalta nóta a thabhairt ar scoil ag míniú an fáth nach bhfuil an éide scoile ceart air/uirthi. Má thagann an dalta ar scoil gan an éide scoile ceart orthu agus gan nóta ó na tuismitheoirí faoi dhó, tabharfar nóta/ cárta bán dóibh. (Breathnaigh - Cód smachta)
Sonraí an Éide Scoile
Tá ar páistí Rang I- Rang VI an éide foirmiúl a chaitheamh agus iad ar scoil, ag teacht agus ag imeacht ón scoil. Tá ar an éide scoile agus bróga na ndaltaí a bheith glan agus cuma maith orthu. Ní cheadaítear bróga spóirt ach amháin ar laethanta spóirt.
Eide Scoile na gCailíní
Geansaí turcaid le muinéal- v le suainteas na scoile
Sciorta breacán/ bríste turcaid
Blús bán
Stocaí dorcha dubhghorm nó dubh ( Ní cheadaítear aon dath eile)
Bróga dorcha dubhghorm nó dubh ( Ní cheadaítear aon dath eile)
Éide Scoile na mBuachaillí
Geansaí gorm le muinéal- v agus suainteas na scoile
Bríste dubh ghorm
Léine bán le bóna (is féidir polo-shirt a chaitheamh ar laethanta spóirt)
Stocaí dorcha dubhghorm nó dubh ( Ní cheadaítear aon dath eile)
Bróga dorcha dubhghorm nó dubh ( Ní cheadaítear aon dath eile)
Éide Spóirt na Scoile Caitheann na Naíonáin Bheaga agus na Naíonáin Mhóra éide spóirt na scoile. Caitheann na páistí eile sa scoil é ar laethanta corpoideachais agus spóirt.
Éide Spóirt na mbuachaillí agus na gcailíní
Geansaí dubhghorm le suainteas na scoile
Bríste sport dubhghorm
T-léine bán.
Sa Samhradh
Le linn an samhradh bíonn rogha ag na daltaí bríste ghearr glúine dubhghorm a chaitheamh. Ní ghlactar le bristí ghearra nach dtéann chomh fada leis an nglúin.
Casóg Scoile
Tá casóg scoile oifigiúil ag Gaelscoil Chaladh an Treoigh. Is casóg roghnach é ach moltar é chun cur leis an éide scoile. Is éadach d'ardchaigheán é gur féidir a chaitheamh an bhliain ar fad.
Tá cosc iomlán ar gheansaí cochaill a chaitheamh ar scoil.