Gaelscoil Chaladh an Treoigh


Go to content

Gaeilge

Ginearálta > Polasaithe

An Ghaeilge

Tumoideachas
Bíonn na daltaí tumtha sa Ghaeilge óna gcéad lá scoile. Labhraíonn an múinteoir Gaeilge leo. Dá bharr sin is rang rí-thabhachtach í rang na Naíonán Shóisearacha. Sealbhaítear an teanga i gcomhthéacs nádúrtha. Moltar agus spreagtar iad as Gaeilge a labhairt. Bronntar duaiseanna éagsúla ar nós com 'Glór na Seachtaine, greamathóirí agus milseáin.

Teanga Teagaisc
Múintear gach ábhar trí mheán na Gaeilge, ach amháin an Béarla. Is í an múinteoir an príomhfhoinse den teanga do dhaltaí. Níl an teanga teoranta do ábhair teagaisc, amháin.

Is iad an dá phrionsabal oideachais a úsáidtear ó thaobh na Gaeilge de ná:

An Modh Tumtha
- Bíonn na daltaí tumtha sa Ghaeilge. Sealbhaíonn siad an teanga go foirmiúil agus go neamhfhoirmiúil i rith an lae scoile.

Foghlaim Páiste LarnachBíonn sealbhú teanga bunaithe ar eolas, leibhéal tuisceann agus timpeallacht na daltaí. Déantar monatóireacht ar dul chun cinn sa seomra ranga, sa chlós agus ar thurais scoile. Spreagtar iad Gaeilge a labhairt eatarthu féin i rith an lae scoile.

An Ghaeilge mar chuid de saol na scoile
Is í an Ghaeilge an teanga cumarsáide scoile, i measc baill foirne/daltaí - sa rang, sa chlós, i dtimpeallacht na scoile, chomh maith le turais scoile/gníomhaíochtaí. Bíonn nótaí scoile agus nuachtlitreacha scoile foilsithe i bhfoirm dá theangach.

Spreagtar baill an Bhoird Bainistíochta agus Coiste na dTuismitheoirí le cumarsáid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Baile | Ginearálta | Nuacht | Tuismitheoirí | Saol Scoile | Gaelscoil mar Scoil | Teagmháil | Site Map


Back to content | Back to main menu