Main menu:
Tuismitheoirí
Iontrálaithe Nua
AG ULLMHÚ DO PHÁISTE DO GHAELSCOIL CHALADH AN TREOIGH
Is céim ollmhór chun cinn i saol an pháiste tosnú sa Ghaelscoil. Is ceart go mbeadh gach aon tacaíocht ón mbaile chun cuidiú leis an dalta socrú síos ar scoil gan aon deacracht. Tá ról fíor-thábhachtach ag tuismitheoirí/caomhnóirí chun cuidiú lena bpáiste a bheith muiníneach agus neamhspleách.
GINEARÁLTA
Spreag do pháiste chun:
Ciarsúr a úsáid.
An leithreas a úsáid i gceart.
A lámha a ní agus a thriomú.
Cóta a chur orthu, a bhaint agus a chrochadh iad féin.
An mála scoile agus bosca lóin, a oscailt agus a dhúnadh agus nithe a chur isteach ann agus a thógáil amach as.
Bréagáin a roinnt agus súgradh le páistí eile.
Leabhair/bréagáin a phiocadh suas agus a chur ar ais san áit ceart.
Iallacha a cheangailt/ bróga a chur orthu.
A bheith chomh neamhspleách agus is féidir.
ACADÚIL
Léigh don leanbh go minic agus lig dóibh bheith páirteach. Mar shampla:
An leabhar a choimeád, labhairt faoi phictiúir, leathanaigh a chasadh agus araile.
Bíodh ainm seoladh do linbh ar eolas aige/aici.
Labhair an oiread Gaeilge agus is féidir leat leo.
Bíodh an uimhir fón ar eolas aige/aici.
Úsáid focal agus tearmaí ar nós:
Bainne /tae / dinnéar /brioscaí /milseáin/
éirigh/dúisigh /déan deifir /féach / éist/
Dia duit /slán /go raibh maith agat/
Go maith /ar fheabhas /go hálainn.
Bí ag aithint dathanna/cruthanna.
Abair rannta/amhráin dóibh.
Spreag iad chun gluaiseachtaí “tuathalacha” agus suas síos a dhéanamh le criáin agus pinn luaidhe.
Imir cluichí msh. Cén t-am é a mhac tíre?
EILE
Seachain éadaí, boscaí lóin, málaí scoile, bróga atá deacair le láimhseáil.
Bíodh an mála scoile mór agus téagartha.
Ainmigh/márcáil/cuir lipéad ar éadaí agus araile.
Míniú dóibh gan an clós a fhágáil gan duine fásta a.