Main menu:
Ginearálta > Polasaithe
Lóin Sláintiúil
Cuirimid ithe sláintiúil chun cinn tríd ár bpolasaí 'lóin sláintiúil', rannpháirtíocht i scéimeanna scoile agus náisiúnta agus tríd dea-shampla.
Aidhmeanna
Tá an bia seo a leanas oiriúnach do lónta:
Torthaí, glasraí, sailéad, ceapairí, arán, tortillas, courscous, sú torthaí, rollaí / wraps, brioscaí crua, cácaí ríse, pancóga, bagel, agus (íogairt Rang II-VI)
Tá cosc ar an mbia seo a leanas:
Criospaí, frubes / íogairt (go Rang II), popcorn, muffins, fruit winders, milseáin, seacláid (ní cheadaítear seacláid nó aon bhia ina bhfuil seacláid le fáil), barraí, brioscaí, deochanna giosála, guma coganta, cnónna agus gach bia a bhfuil cnónna ann.
Cuirfear an bia seo abhaile má thógtar ar scoile é. Tabharfar chun an bhaile gach bia nó deoch nach bhfuil críochnaithe ag na daltaí.