Main menu:
Ginearálta > Polasaithe
Obair Bhaile
Creidimid go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na daltaí freagrach as a gcuid foghlama féin agus go gcothóidis nósanna maithe neamhspleácha oibre. Tuigimid go bhfuil ról tábhachtach ag an mbaile agus déanaimid iarracht an deis a thapú chun go n-oibreodh páistí lena dtuismitheoirí agus chun go mbunófaí ceangal idir an scoil agus an baile.
Cén fáth go dtugaimid obair le déanamh sa bhaile?
Chun deis a thabhairt do dhaltaí an obair a dhéantar sa rang a athdhéanamh agus a dhaingniú.
Chun scileanna neamhspleácha staidéir agus nósanna maithe oibre a fhorbairt.
Chun deis a thabhairt do thuismitheoirí páirt a ghlacadh i bhfoghlaim a bpáistí agus tacú leo.
Chun na daltaí a spreagadh chun a bheith freagrach as a gcuid foghlama féin agus a thuiscint go mbíonn an fhoghlaim ar siúl lasmuigh den scoil.
Treoirlínte
An méid ama:
Is é seo a leanas an meán-mhéid ama a chaitheann an gnáth dhalta ag déanamh obair bhaile gach oíche:
Naí. Shóisearacha/Naí. Shinsearacha 15-20nd
Rang I/ Rang II 30 - 45 nd
Rang III/ Rang IV 45 - 75 nd
Rang V/Rang VI 90 - 120 nd
Ról na dTuismitheoirí
Tá sé tábhachtach go: