Gaelscoil Chaladh an Treoigh


Go to content

Rang VI

Saol Scoile > Curaclam

Rang VI

Foghlaim gníomhach ar an gclár bán.

Gaeilge
Tá Gaeilge líofa againn agus muid bródúil aisti. Bímid i gcónaí ag iarraidh barr feabhais a chur ar chruinneas agus saibhreas na Gaeilge. Bainimid úsáid as scéim Gaeilge álainn ‘Séideán Sí’. Ina theannta leis sin, déanaimid iniúchadh ar úrscéalta ar nós 'Bád sa Chuan' agus 'Ó Lúibíní Lú'. Tá cnuasach leathan leabhair agus áiseanna léitheoireachta sa leabharlann ranga, a léimid ag am saor.

Béarla
Bíonn go leor deiseanna léitheoireachta againn sna hardranganna. Bainimid taitneamh as tréimhse léitheoireacht chiúin go minic. Is iad 'Hello Universe' agus 'Starry Links' na leabhair Bhéarla atá againn. Is maith linn na scéalta agus na dánta atá iontu agus foghlaimíonn muid go leor as an leabhar 'Matter of Fact'.

Mata
Is breá linn an curaclam mata atá ar fáil do Rang VI. Foghlaimíonn muid go leor mar gheall ar chruthanna agus uillinneacha. Bainimid úsáid as ár gcuid scileanna mata chun gníomhaíochtaí a dhéanamh bunaithe ar am, fad, achar, toilleadh agus meachán. Uaireanta téann muid ar curairt chuig na bunranganna chun cluichí mata a imirt leo nuair a bhíonn 'mata roinnte' ar siúl sa scoil.

Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta (O.S.I.E.)
Oibrímíd mar stairithe, mar thíreolaithe agus mar eolaithe sa chuid seo den churaclam. Is aoibhinn linn a bheith ag dul ar thurais chun ábhair éagsula a fhiosrú. Bíonn deis againn tuirgnimh eolaíochta a dhéanamh sa rang.

Na hAmharcealaína
Is aoibhinn linn ealaín. Cruthaíonn muid saothair ag baint úsáid as meáin éagsúla. Caithimid roinnt ama ag cleachtadh líníocht. Bainimid taitneamh as péinteáil, múnlú cré agus ag oibriú le fabraic agus snáithín. Tá suim againn i saothair a chruthaigh ealaíntóirí cailiúla.

Ceol
'The Right Note' is ainm do leabhar ceoil. Foghlaimíonn muid a lán faoi thearaic an cheoil. Canamid amhráin i nGaeilge agus i mBéarla. Seinimid an fheadóg stáin. Spreagtar páistí a sheineann uirlísí eile iad a thabhairt ar scoil agus a bheith ag casadh leis an rang.

Corpoideachas
Cuirfear tús leis na ranganna snámha i mí Eanáir. Bímid ar bís ag dul chuig an linn snámha gach seachtain. Tuigimid an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht agus is breá linn ag foghlaim banga snámha nua. Imrímid haca, peil Ghaelach, sacar, iomanaíocht, dodge-ball, badmantan, corr agus cispheil. Bímid páirteach i réimhse leathan gníomhaíochtaí lasmuigh, go háirithe i rith téarma an tSamhraidh.

Drámaíocht
Is maith linn tabhairt faoi ranganna drámaíochta i Rang VI. Is maith linn iniúchadh a dhéanamh ar scéalta agus dánta sa Bhéarla agus sa Ghaeilge agus athchruthú a dhéanamh orthu. Bímid de shíor ag cur len ár stór de theicnící drámaíochta.



Baile | Ginearálta | Nuacht | Tuismitheoirí | Saol Scoile | Gaelscoil mar Scoil | Teagmháil | Site Map


Back to content | Back to main menu