Main menu:
Saol Scoile > Curaclam
Rang I
Téann gasúir Rang I i dtaithí ar lá scoile níos faide ó: 08:45a.m.-2:25p.m.
Gaeilge
Leantar ar aghaidh le forbairt na teangan Gaeilge; scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta san áireamh. Is mór an tairbhe a bhaineann muid as an gclár Séideán Sí. Tugaimid faoi léitheoreacht roinnte chomh maith.
Bíonn deis ag na gasúir an corn 'Glór na Seachtaine' a bhuachaint, as iarracht spéisialta a dhéanamh Gaeilge a labhairt.
Béarla
Leantar an clár léitheoireachta Sunny St. Cuirtear leis an gclár le ábhair léitheoireachta bhreise ar nós an Oxford Reading Tree. Spreagtar daltaí le tabhairt faoi léitheoireacht neamhspleách, fóneolaíocht a fhorbairt, barr feabhaís a chur le muinín, líofacht agus tuiscint. Leanamid ar aghaidh le leitheoireacht roinnte.
Mata
Leantar le obair uimhir ó 1-100; suimiú; dealú agus réiteach fadhbanna. Bímid ag foghlaim am, meáchan, fad, airgead agus cruthanna agus dar ndóigh, táblaí suimithe agus dealaithe de ghlanmheabhair.
Na hAmharcealaíona
Bainimíd úsáid as ábhair ar nós péint, criáin, cailceanna agus cré chun cruthaíocht a chur chun cinn. Bíonn alán gníomhaíochtaí ealaíona ar siúl againn.
Ceol
Tá an clár ceoil bunaithe ar an sceím 'The Right Note'. Bíonn béim ar rithim amhránaíocht agus taitneamh a bhaint as ceol. Bímid ag canadh amhráin as Gaeilge agus as Béarla.
Creideamh
Baintear úsáid as an gclár Beo go Deo 3. Is tríd gníomhaíochtaí éagsúla ar nós - scéalta, paidreacha, amhráin, bileoga oibre a fhoghlamaíonn na gasúir faoi Dhia. Is dóibhinn linn amhráin ó Bheo go Deo a chasadh.
Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta (O.S.I.E.)
Déanann na daltaí staidéar ar théamaí ar nós an clann, scoil, stair áitiúl, traidisiúin, féilte, bailte agus athraithe thar na blianta sa Stair. Déantar iniúchadh ar chúrsaí timpeallachta ar nós na séasúir, ainmhithe, dúile beo agus gnáthóga. Bímid ag foghlaim faoi fhuinneamh, faoi fhórsaí, faoi mhaighnéadas, faoi sholas, faoi fhuaim agus muid ag tabhairt faoin eolaíocht.
Bímid ag súil go mór leis na trialacha eolaíochta míosúla le Rang II.
Oideachas Sóisialta, Pearsant agus Sláinte (O.S.P.S.)
Cabhraíonn an t-ábhar seo le feasacht agus cúram imshaoil, glainteacht pearsanta, cairdeas, sábháilteacht, frith-bhulaíocht, obair foirne agus obair ghrúpa a chur chun cinn.
Baintear úsáid as an dialann obair bhaile i Rang I don chéad uair. Tá na daltaí freagrach as an obair bhaile a bhreacadh síos agus an obair bhaile a chur i gcrích.
Corpoideachas
Glacann na gasúir i neart imeachtaí spóirt ina measc cluichí, rince, lúthchleasaíocht agus peil gaelach. Leantar ar aghaidh le rince gaelach i hall an CLG áitiúl.