Main menu:
Saol Scoile > Curaclam
Rang II
Gaeilge
Baineann muid úsáid as sraith álainn Gaeilge, Séideán Sí. Bíonn leabhair deasa le léamh againn agus foghlaimíonn muid neart rannta, dánta agus amhráin. Bíonn muid ag éisteacht le neart scéalta ar dlúthdhioscaí agus baineann muid taitneamh as na gníomhaíochtaí scríobhnóireachta atá sna leabhair oibre.
Béarla
Tá neart leabhair deasa againn ón tsraith Fiction Favourites
Foghlaimíonn muid neart focail nua agus bíonn muid ag tnúth le fáil amach conas mar a chríochnóidh na scéalta. Táimid ag foghlaim conas a bheith mar scríobhnóirí maithe trí cleachtaí scríobhnóireachta a dhéanamh. Léann muid roinnt mhaith leabhair difriúla chuile sheachtain i gcaitheamh léitheoireacht roinnte sa bhaile agus ar scoil. Is minic a scríobhann muid tuairiscí leabhair. Léann ár múinteoir úrscéalta dúinn agus taitníonn sé linn éisteacht le dánta agus roinnt acu a fhoghlaim.
Mata
Bíonn muid gnóthach ag suimiú agus ag dealú agus ag foghlaim conas athghrúpáil a dhéanamh ar deicheanna agus aonaid. Foghlaimíonn muid conas tomhas a dhéanamh, airgead a úsáid agus an t- am a léamh. Déanann muid graifeanna agus úsáideann muid cruthanna. Ó am go chéile, seachtain náisiúnta na matamataice mar shampla, imríonn muid cluichí matamataice agus glacann muid páirt i ngníomhaíochtaí éagsúla matamataice.
Oideachas Sóisialta Imshaoil Eolaíochta (O.S.I.E.)
Tá spéis againn sna scéalta béaloideasa, ins an saol a mhair daoine blianta fada ó shin agus i laochraí móra staire ar nós Fionn Mac Cumhaill. Déanann muid staidéar ar gnáthóga nádúrtha ins an dtimpeallacht áitiúl agus baineann muid taitneamh as fiosrú agus plé a dhéanamh ar torthaí ár gcuid turgnaimh eolaíochta. Anois is arís, tagann muid le chéile le Rang I le téamaí éagsúla san Eolaíocht a fhiosrú.
Ceol
Foghlaimíonn muid an- chuid amhráin Gaeilge agus amhráin Béarla i Rang II. Úsáideann muid cnag- uirlisí le tionlacann a dhéanamh ar ceol agus le ceol a chumadh. Cuireann muid aithne ar réimse leathan d’uirlisí agus stíleanna difriúla ceoil agus traidisiúin.
Ealaíon
Baineann muid taitneamh as réimse d’ábhair éagsúla a úsáid le píosaí ealaíona a chruthú ar scoil. Is maith linn go mór a bheith ag péinteáil, ag tarraingt, ag priontáil, ag úsáid cré, snáithín agus fabraic. Foghlaimíonn muid faoi ealaíntóirí mór le rá ar nós Van Gogh agus Monet. Glacann muid páirt i gcomórtaisí ealaíne i gcaitheamh na bliana. Ó am go chéile, cuireann muid ár gcuid ealaíon ar taispeántas ins an Comhar Creidmheasa áitiúl agus Ionad Siopadóireachta áitiúl Superquinn.
Corpoideachas
Glacann muid páirt i neart gníomhaíochtaí corpoideachais; cluichí, lúthchleasaíocht agus gníomhaíochtaí eachtraíochta san áireamh. I gcaitheamh na bliana, freastalaíonn muid ar ranganna rince Gaelach le scoil damhsa Uí Nualláin. Bíonn deis againn peil Gaelach agus iománaíocht a imirt tar éis na scoile i Rang II. Bíonn muid ag tnúth go mór le páirt a ghlacadh i lá spóirt na scoile ag deireadh na bliana chomh maith.
Teagasc Críostaí
I Rang II, ullmhaíonn muid le haghaidh dhá shacraimint, An Chéad Fhaoistin agus An Chéad Chomaoineach. Freastalaíonn muid ar aifrinn lenár gclainne faoin gclár Do This In Memory ins an tséipéal áitiúl. Tugann an sagart áitiúl cuairt orainn go minic agus tugann sé cúnamh dúinn réitiú do na sacraimintí. Éisteann muid le scéalta faoi Íosa agus is maith linn iad a ath- insint sa rang.