Main menu:
Saol Scoile > Curaclam
Rang III
Gaeilge
Is aoibhinn linn an Ghaeilge. Táimid an-bhrodúil as an dteanga agus bímid ar bís nuair a fhaighimid Glór na Seachtaine ag tionól. Cloisfidh tú muid i gcónaí ag canadh amhráin as Gaeilge agus ag labhairt an teanga chomh maith. Is maith linn léitheoireacht agus scríbhneóireacht Gaeilge. Faighimid réalt ar na laethanta a bhímid roghnaithe mar an rang is fearr ó thaobh labhairt na Gaeilge de, sa chlós. Tá ár gcuid peannaireachta ag feabhsú i gcónaí.
Béarla
Léimid alán úrscéalta i Rang III. Tá leabharlann sa rang agus tá Club Leabhar againn chomh maith. Déanaimid léirmheas ar an leabhar go minic agus uaireanta scríobhaimid ceann chomh maith. Coimeadaimid liosta de na leabhair is fearr linn. Bímid ag léamh go ciúin sa rang gach maidin.
Mata
Tosaímid ar roinnt agus ar iolrú i Rang III. Is aoibhinn linn a bheith ag obair le fearas concréideach chun coinceapanna nua a fhoghlaim i slí áisiúil agus spraoiúil. Nuair a bhíonn Am Órga againne, spraoimid le cluichí mata ó am go chéile.
Oideachas Sóisialta Imshaoil Eolaíochta (O.S.I.E.)
Eolaíocht
Táimid ag foghlaim faoi réamhaisnéise agus scrúdaithe. Bíonn Maidin Eolaíochta againn uair sa mhí agus cuirimid fáilte roimh ranganna eile teacht ar cuairt chughainn. Cabhraíonn an teilgeoir agus idirlíon linn agus muid ag lorg eolais.
Stair
Is breá linn eisteacht le sean scéalta. Is maith linn cuairt a thabhairt ar áiteanna stairiúla ar thurais scoile. Is aoibhinn linn amlínte clainne agus a bheith ag foghlaim faoi rudaí a tharla fadó.
Tíreolas
Bímid ag athchúrsáil agus ag táimid coinsiasach faoin dtimpeallacht. Is aoibhinn linn a bheith ag foghlaim faoi contaetha, aibhneacha agus sléibhte.
Ealaín
Oibrímid le cré, fabraic agus péint. Bímid ag tarraingt go minic. Gach mí is aoibhinn linn ábhair nua a scrúdú agus a úsáid. Is maith linn breathnú ar obair ealaíontóirí éagsúla, go speisialta nuair atáimid in ann ár bpictiúir féin a phéinteáil cosúil leo.
Corpoideachas
Bíonn deis againn sacair, iománaíocht, camógaíocht agus cluichí chlóis a imirt. Chomh maith le sin, tugaimid faoi rince Gaelach. Tá foirne peile camógaíochta agus cispheile againn. Bíonn seans ag gach éinne páirt a ghlacadh ann.
Ceol
Tá cór scoile againn! Is breá linn canadh i rith an lae scoile. Bímid ag foghlaim an fheadóg stáin roimh deireadh na bliana. Bímid ag foghlaim amhráin nua gach bliain agus bímid ag iarraidh na cnaguirlisí a sheinm nuair is féidir linn! Táimid ag foghlaim nótaí ceoil éagsúla chomh maith, le huirlisí ceoil traidisiúnta, agus an cheol traidisiúnta.
Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (O.S.P.S.)
Labhraimíd faoi na mothúcháin. Bímid ag foghlaim conas a bheith cneasta le daoine agus conas a bheith coinsiasach ionann féin. Tá sé tábhachtach a bheith coinsiasach ar mothúcháin daoine agus muid ar scoil chomh maith le sa bhaile. Ceiliúraimid tréithe éagsúla chomh maith le tréithe comónta.
Dráma
Is breá linn a bheith ag aisteoireacht agus ag obair i bpeirí ar na heilimintí difriúla sa dráma ar nós creidiúnt, caraictéirí i ról, guth istigh, bóthar consiasa agus am. Is ábhar iontach í an Dráma.