Gaelscoil Chaladh an Treoigh


Go to content

Rang IV

Saol Scoile > Curaclam

Rang IV

Is bliain ghnóthach í Rang IV do dhaltaí i nGaelscoil Chaladh an Treoigh. Bímid ag glacadh pairt i ngníomhaíochtaí éagsúla ina measc an Ghaeilge, damhsa, snámh, cór, ranganna fidil, cluichí scrabble. Mar chuid den churaclam spóirt múineann múinteoirí seachtrach RIV le haghaidh gníomhaíochtaí éagsúla (ar nós) rince gaelach agus snámh.

Snámh
Tosaíonn snámh sa dara téarma agus bíonn sé ar siúl i linn snámha Ban Mór le haghaidh 6 seachtainí. Bíonn béim faoi leith ar sa churaclam corpoideaichas agus táimid ag tnúth le páistí ag feabhsú go mór ar an gcúrsa seo. Bímid ag díriú ar chliuchí uisce agus taitneamh a bhaint as. Go n-éirí linn.

Rince Gaelach
Tagann Daire agus Rose Nolan chuig an Cumann Lúthchleas Ghael gach Déardaoin chun rince a mhúineadh do ranganna ó Naíonain Shóisir go Rang IV. Foghlaimíonn na daltaí réimse leathan damhsa le aon-dó-trí san áireamh. Ag deireadh na bliana, cuireann muid taispeántas ar siúl do phobail na scoile.

Scrabble
Beidh na páistí ag foghlaim conas Scrabble a imirt i mbliana. Imreoidh an rang ar feadh uair a chloig gach seachtain i gcomhair téarma amháin agus beidh comórtas scrabble againn ag deireadh an téarma. Cabhraíonn an cluiche seo linn scileanna teanga agus uimhríocht meabhrach a fhoghlaim


T.E.C.
Mar go bhfuil ról tábhachtach ag an T.E.C. i saol gach éinne sa lá atá inniu ann tá riomhairí agus an Banda Leathan i ngach seomra ranga sa Ghaelscoil.
I Rang IV úsáidimid an idirlín chun eolas a fháil. Tá na páistí ag foghlaim conas tadhallchlóscríobh faoi láthair.

Baile | Ginearálta | Nuacht | Tuismitheoirí | Saol Scoile | Gaelscoil mar Scoil | Teagmháil | Site Map


Back to content | Back to main menu