Gaelscoil Chaladh an Treoigh


Go to content

Rang V

Saol Scoile > Curaclam


Rang V

Gaeilge
Faoin am seo táimid muiníneach as bheith ag labhairt as Gaeilge, agus táimid ag iarraidh feabhas a chur ar chruinneas agus ar stór focal na teanga. Chomh maith l'úsáid a bhaint as an gclár cuimsitheach Séideán Sí, déanaimid ár n-úrscéal 'Ó Lúibíní Lú', i measc ábhar léitheoireachta Gaeilge eile a choimeádtar sa leabharlann ranga. Faighimid an nuachtán 'Foinse' gach seachtain, agus tógaimid foclóir nua agus nathanna cainte. Bíonn nath an lae nua againn gach lá, crochta ar dhoras an ranga, le seanfhocal nua gach seachtain. Táimid bródúil as ár 'Siopa Gaeilge' in ár seomra ranga, áit gur féidir leat do 'Ghaelchártaí' a úsáid chun nithe a cheannach.



Béarla
Is iad na leabhair Bhéarla atá againn ná 'Matter of Fact', agus Starry Links. Bainimid taitneamh as ár úrscéal, 'I am David'. Táimid ag iarraidh a bheith inár ndea-scríbhneoirí agus eagarthóirí, agus chun e sin a chur i gcrích, déanaimid go leor cleachtaí scríbhneoireachta agus aistí. Le linn seal léitheoireachta, bainimid taitneamh as na leabhair ónár leabharlann ranga. Ó am go ham, scríbhimíd léirmheasanna ar leabhair a léimid. Scríbhimíd i seánraí éagsúla, cur i gcás; altanna nuachtáin, dialanna, ríomhphoist- rud a sholáthraíonn éagsúlacht inár rang Béarla.

Mata
I rang a cúig bímid gnóthach ag feabhsú gcuid ár scileanna roinnteagus iolraithe, chomh maith le gníomhaíochtaí bunaithe ar mheáchan, am, fad, agus achar. Táimid ag foghlaim conas graif difriúil a dhéanamh agus é a léamh. Amannta áirithe, úsáidimid cluichí matamaitice go háirithe le linn Seachtain Mata.

Oideachas Sóisialta, Imshaoil Eolaíochta (OSIE)
Le linn Stair, Tíreolaíocht, agus Eolaíocht, bímid gníomhach ag foghlaim fíricí nua, agus ag déanamh iniúchadh ar an am atá caite. Chun cur lenár rang eolaíochta faighimid an t-iris eolaíochta, 'Eureka', as a ndéanaimid roinnt turgnaimh eolaíochta. Déanaimid taighde ar thopaicí difriúla, agus cumaimid tionscadail astu.

Ceol
Chomh maith le amhráin agus teoiric a fhoghlaim ón scéim 'The Right Note', bímid ag foghlaim amhráin don Cheolchoirm bhliantúil 'Hallelujah'. Gheobhaidh Rang V seans foinn a fhoghlaim ar an bhfeadóg stáin. Beimid ag moladh do na daltaí a sheineann uirlisí ceoil eile agus iarrfaimid iad a thabhairt isteach agus a sheinnt sa rang agus ag imeachtaí scoile.

Ealaín
Bainimid úsáid as réimse éagsúil ábhair le linn ranga ealaíne, chun snáitheanna an churaclaim a chlúdach. Bímid ag foghlaim faoi ealaíontóirí nua aimseartha, agus déanaimid aithris ar a dteicnící inár gcuid oibre. Cuirimid isteach ar chomórtais ealaíne éagsúla i rith na bliana.

Corpoideachas
I measc na gcluichí a imrímid le linn Corpoideachas tá haca aer, peil Ghaelach, sacar, iománaíocht, Dodge-liathróid, badmantan, cluiche corr agus cispheil. Ar an Aoine, foghlaimíd rince Gaelach ó Scoil Rince Gaelach Nolan. Táimid ag súil freisin lenár ranganna snámha a thosóidh i mí Eanáir.

Spáinnis
Tá an t'ádh orainn go bhfaighimid ceachtanna Spáinnis i rith na bliana.

Músaem Hunt
Tá an-ádh orainn go bhfuil músaem chomh maith leis an Músaem Hunt i gcathair Luimní. Rachaidh Rang V ar chuairt bhliantúil chun féachaint ar na taispeántais éagsúla, agus chun páirt a ghlacadh sna ceardlanna.

Baile | Ginearálta | Nuacht | Tuismitheoirí | Saol Scoile | Gaelscoil mar Scoil | Teagmháil | Site Map


Back to content | Back to main menu