Main menu:
Ginearálta
Réamhrá
Bhunaigh an pobal Gaelscoil Chaladh an Treoigh sa bhliain 2001. Tá an scoil maoinithe ag an gciste poiblí agus is scoil fhorásach muid. Tá 199 dalta agus deichniúr múinteoirí lán-aimseartha sa scoil i láthair na huaire.
Is í an aidhm atá againn ná freastal ar éileamh oideachas bunscoile trí mheán na Gaeilge. Is é Curaclam na Bunscoile atá i bhfeidhm sa scoil.
Is é Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teo. patrún na scoile. Cé gur scoil Chaitliceach muid cuirimid fáilte roimh páistí ó chreidimh éagsúla.