Main menu:
Tuismitheoirí > Baile-Scoile
Text-a-Parent
Úsáidtear an áis seo sa scoil le téacs a sheoladh chuig tuismitheoirí mar mheabhrúchán ar ocáidí scoile nó athruithe i sceidil na scoile. Cuireann na tuismitheoirí/ caomhnóirí uimhir fón póca amháin ar fáil d’oifig na scoile agus seoltar na téacsanna chuig an uimhir seo. Iarrfar go gcuirfear an oifig ar an eolas i gcás an uimhir seo a athrú.
Ríomhphost
Baintear úsáid as ríomhphost mar an bealach is coitianta le cumarsáid ginearálta a dhéanamh idir an scoil agus an baile. Is féidir le tuismitheoirí / caomhnóirí seoladh ríomhphoist a chur ar fáil d’oifig na scoile más maith leo a bheith páirteach ann.