Main menu:
Tuismitheoirí > Baile-Scoile
Tuairiscí agus Cruinnithe
Tuairisc Bliana na Scoile
Eisítear tuairiscí scoile na bpáistí i mí an Mheitheamh agus clúdaítear ábhar curaclaim, iompar, tinreamh, forbairt pearsanta agus sóisialta chomh maith le sonraí riachtanacha eile atá le roinnt ag an múinteoir ranga leis na tuismitheoirí/ caomhnóirí.
Cruinnithe Tuismitheoirí / Múinteoirí
Is sa chéad agus an dara téarma a bhíonn cruinnithe a múinteoirí/ tuismitheoirí de ghnáth. Is deis foirmeálta é bualadh leis an múinteoir ranga agus/nó an múinteoir tacaíocht foghlama le labhairt faoi dul chun cinn do pháiste.