Lá na Seantuismitheoirí 2023

Lá na Seantuismitheoirí 2023

Seachtain na Scoileanna Caitliceacha 2023

Bhí seachtain álainn againn an tseachtain seo agus Seachtain na Scoileanna Caitliceacha á ceiliúradh againn. Ár mbuíochas le Rang a Sé a roinn machnamh agus paidir álainn linn gach lá thar an gcóras fuaime. Bhí idir ealaín agus obair álainn ar bun sna ranganna bunaithe ar ár seantuismitheoirí iontacha! Go raibh míle maith agaibhse, na tuismitheoirí, as ucht grianghraif dar seanthuistí a sheoladh isteach. Ní fios a dtáinig isteach! Bhí ceiliúradh an-speisialta againn sa halla ar an gCéadaoin agus seantuismitheoirí na Naíonáin Bheaga linn ar chuairt. Thug an tAthair Seamas beannú álainn dúinn agus bhain gach éinne ard taitneamh as an siamsíocht​​ agus an ealaín álainn a bhí ullmhaithe ag múinteoirí na Naíonáin. Gabhaimíd buíochas ó chroi le Coiste na dTuismitheoirí as ucht na sóláistí blasta a cuireadar ar fáil. Gabhaimid buíochas leis le Príomhoide Frankie, le múinteoirí agus cúntóirí na scoile maraon le Kerrie agus Breandán as ucht gach a dheineadar chun an seachtain speisialta seo a chur os ár gcomhair.

What a wonderful week we had as we celebrated Catholic Schools week in school. We are grateful to our sixth class pupils for sharing a reflection/ prayer with us each day. Much work was undertaken in the classrooms with beautiful art work completed by many. A massive thank you to you, the parents for taking the time to send in beautiful photographs of our grandparents which were proudly displayed in the school. We had a very special celebration on Wednesday as we welcomed grandparents of children in Naíonáin Bheaga. Fr. Seamas kindly shared a lovely blessing with us and everyone thoroughly enjoyed the entertainment and art activities prepared by Múinteoirí na Naíonáin. A heartfelt thank you to our parents council for graciously taking care of the refreshments on the day! We thank Príomhoide Frankie, our múinteoirí, cúntóirí, Kerrie and Breandán for all of their hard work and dedication in making this such a special week.

Bealt 05
2024
Seachtaine Saoire Bainc
Meith 03
2024
Lá saoire bainc
Meith 27
2024
Laethanta Saoire an tSamhraidh
Lún 28
2024
Ath-oscailt na scoile / School re-opens
Cuir Teachtaireacht Chugainn
TEAGMHÁIL LINN
Gaelscoil Chaladh an Treoigh,
An Caisleán Nua,
Caladh an Treoigh,
Luimneach,
V94 7N32.

061 502 214



SUÍOMH / LOCATION
© 2024 Gaelscoil Chaladh an Treoigh