Ráiteas misin & Éiteas na Scoile

Ráiteas misin & Éiteas na Scoile

Is bunscoil lán Ghaelach í Gaelscoil Chaladh an Treoigh atá maoinithe ag an Roinn Oideachais. Feidhmníonn an scoil faoi phatrúnacht Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge agus faoi bhainistíocht Bord Bainistíochta na Scoile.

Táimid bródúil as ár dteanga Ghaelach agus as ár gcultúr Gaelach.

Gaelscoil Chaladh an Treoigh is a primary school funded by the Department of Education. The school functions under the patronship of Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge and is managed by our Board of Management with support from the school community. We are proud of our Irish language and culture.

Ráiteas misin & Éiteas na Scoile

Is í an aidhm atá againn anseo i nGaelscoil Chaladh an Treoigh ná oideachas bunscoile d’ard chaighdeán a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá uainn go n-éireodh le gach páiste a gcumas a bhaint amach in ábhair Churaclam na Bunscoile.

Is é an tumoideachas an córas oideachais atá i bhfeidhm againn. Bíonn na páiste tumtha sa Ghaeilge óna gcéad lá scoile. Déantar gach iarracht atmasféar taitneamhach a chothú ina mbeidh fonn ar na páistí Gaeilge a labhairt. Is é ár bhfís go mbeidh Gaeilge chruinn, shaibhir ag na páistí agus iad ag fágáil na scoile. Mar fhoireann taispeáinimid go bhfuil meas againn ar an nGaeilge trí í a úsáid i dtimpeallacht na scoile i gcónaí.

Tá sé mar aidhm againn timpeallacht thaitneamhach, thuiscineach, shábháilte, dea-eagraithe a chothú, ina mbeidh deis ag gach páiste forbairt go hintleachtiúil, go fisiciúil, go sóisialta, go spioradálta agus go cultúrtha.

Tá béim ar leith ar an gcúltúr Gaelach sa scoil seo, ceol, rince agus cluichí Naisiúnta san áireamh. Bíonn omós againn do chultúir éagsúla freisin.

Gaelscoil Chaitliceach muid. Fáiltíonn muid i gcónaí roimh pháistí a bhfuil creidimh eile acu.

Is é ár bhfís go mbeadh meas ag gach duine orthu féin agus go dtaispeánfadh pobal na scoile ar fad meas ar a chéile, ar an scoil agus ar an timpeallacht. Ba mhaith linn go mbeadh gach duine múinte, dea-bhéasach, fearáilte, cabhrách agus lách le chéile.

Gaelscoil Chaladh an Treoigh is a publicly funded, progressive school founded by the community in 2001. Our aim is to serve the demand for primary education through the medium of Irish. The school follows the revised Primary School Curriculum designed for all National Schools. The school is under the patronage of the Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán Ghaeilge. Whilst, the school’s religious base is Catholic, we welcome children from all denominations.

Mission Statement

At Gaelscoil Chaladh an Treoigh our aim is to provide irish medium primary education of a high standard, so that each child will reach their full potential in all curricular areas. We employ an immersion education system in which each pupil is inducted and absorbed in the Irish language from their first day of school. Every effort is made to create an enjoyable learning atmosphere where pupils are motivated to learn and speak Irish to a high standard. Irish is used throughout the school by staff, pupils, parents and visitors. We aim to create a school environment, that is pleasant, understanding, safe and efficient, in which every child has the opportunity to develop intellectually, physically, socially, spiritually and culturally. We emphasise the Irish culture including music, dance and national games, whilst also showing respect for other cultures. We are a Catholic school but welcome families from all other belief backgrounds. It is our vision to create an ethos of respect – being mannerly, fair, helpful and kind – to our school members, community and environment.

Bealt 05
2024
Seachtaine Saoire Bainc
Meith 03
2024
Lá saoire bainc
Meith 27
2024
Laethanta Saoire an tSamhraidh
Lún 28
2024
Ath-oscailt na scoile / School re-opens
Cuir Teachtaireacht Chugainn
TEAGMHÁIL LINN
Gaelscoil Chaladh an Treoigh,
An Caisleán Nua,
Caladh an Treoigh,
Luimneach,
V94 7N32.

061 502 214



SUÍOMH / LOCATION
© 2024 Gaelscoil Chaladh an Treoigh