Teachtaireacht ón bPríomhoide

Frankie_web_1_0031_LR.jpg

Mar Phríomhoide Ghaelscoil Chaladh an Treoigh, is mór an onóir dom fíor chaoin fáilte a chur romhat chuig ár suíomh idirlín scoile.

‘Sé manna na scoile ná ‘Mens Sana in Corpore Sano’, meon slántiúil i gcorp sláintiúil. Tugann an fhoireann iomlán faoina gcuid oibre anseo go fuinniúil le cinntiú go bhfuil an manna seo i bhfeidhm go forleathan sa scoil.

Picture1.jpg

Inár suaitheantas scoile, tá ceithre shiombail a bhaineann lenár bhfís uilíoch:

An leabhar – is íomhá é seo den fhoghlaim agus den fhorbairt acadúil a tharlaíonn de shíor in atmaisféar dearfach, spreagtha

An crann – is cuid lárnach den oideachas anseo cúram na timpeallachta agus an nadúir. Is íomha é an crann freisin den oideachas a chuirtear ar fáil chun láidreacht agus aclaíocht na bpáistí a fhorbairt

An chláirseach – íomha a léiríonn gur scoil í seo a chuireann béim ar an gcultúr Gaelach. Cothaitear é seo tríd an teanga, an ceol agus an damhsa Gaelach a threisiú

An colúr – tugaimid tacaíocht dos na daltaí a gcuid scileanna soisialta a fhorbairt ionas go mbeidh siad muiníneach agus freagrach sa todchaí

Tá foireann den scoth againn i nGaelscoil Chaladh an Treoigh, idir múinteoirí agus foireann riarachán. Is cúis onóra dúinn atmaisféar foghlama, slán sábháilte a fhorbairt le comhpháirtí phobal na scoile, agus an páiste i gcónaí lárnach inár bhfís.

Doras feasa fiafraí.

Frankie Uí Fhrainclín

Bealt 05
2024
Seachtaine Saoire Bainc
Meith 03
2024
Lá saoire bainc
Meith 27
2024
Laethanta Saoire an tSamhraidh
Lún 28
2024
Ath-oscailt na scoile / School re-opens
Cuir Teachtaireacht Chugainn
TEAGMHÁIL LINN
Gaelscoil Chaladh an Treoigh,
An Caisleán Nua,
Caladh an Treoigh,
Luimneach,
V94 7N32.

061 502 214



SUÍOMH / LOCATION
© 2024 Gaelscoil Chaladh an Treoigh